D’imigh sé go hAlbain nuair nach raibh iascaireacht ar bith le déanamh. Ag inse mar a shroich sé thall agus gan a dhath leis ach airgead na hÉireann, ní raibh a fhios aige go raibh airgead eile in úsáid thall in Albain. Chuaigh siad go Falkirk ar dtús agus bhí go leor oibre le fáil, ní raibh mórán de phá ach thart ar £7 sa tseachtain. Bhí sé ag obair le fir as an bhaile thall. Ag obair in scaglann ola, bhí fuath aige ar an obair agus ar an bholadh a bhí ann. Chaith sé bliain thall, bhí sé anonn agus anall na bhaile cúpla uair. Ag stopadh in models a bhí siad agus bhí siad garbh. Thiocfadh le 15 fear a bheith sa seomra amháin. Bhí fear amháin ag stopadh leis a bhí speisialta maith ag tarraingt pictiúr. | 00:12:35 | |